Gael thar lear 'sea mé!
Is mise Proinsias. Ta mé i mo chónaí i Chroílár Mheiricea leis na cianta blianta. Is as Conndae an Chláir, Éire, mé ó dhúchas. D'fhoghlaimigh mé mo chuid Ghaeilge ar scoil, ó na mBráithre Chríostaí. Ní raibh deis agam an teanga a chleachtadh, nó fiú a chloisint, le fada tar éis imeacht ó Eireann dom, ins na 60daí. Ach, thar na mblianta, bhí na dánta, amhráin agus ráitisí na múinteóirí scoile dem'óige i gcónaí liom, i gcúinne éigin dem' mheabhair. Bhíodh an teanga mar tearmann agam, ar "thaobh na fothana," mar a deirtear, ó bhrú an lae, agus deachrachtaí an tsaol. Bhíodh sí mar aislinn, agus mar súantraí dhom ag am an éadóchais. Ní beag an tionchar a bhí aici i rith mo nghnáthshaol.
Seans gur bheag an méid a scríobhfaidh mé anseo, ach má thárlaíonn ionspioráid dhom, ó am go ham, beidh áit agam chun a nochtadh anois de dheasca an bhlag seo a bheith ar fáil. Níl mo Ghaeilge den scoth, ach oiread, agus dá bhrí sin, ní cheart duit é a thógaint mar eiseamláir. 'Sé mo mhian tríd an bhlag seo ná go mbeidh mé in ann feabhsú a dhéanamh ar mo chuid Gaeilge.
Sin a bhfuil, go fóill! Scríobh cugham más mian libh. Déanfaidh mé iarracht freagra a thabhairt daoibh.
Proinsias